Access Keys:

 
 
Gaelscoil Ó Doghair, Bóthar an Stáisiúin, Co. Limerick

Fúinn/About Us

Is bunscoil lán-Ghaeilge mheasctha í Gaelscoil Ó Doghair. Is í Caitlín Móinbhíol an priomhoide inniu.
Bunaíodh Gaelscoil Ó Doghair i 1985. Táimid suite ar Bhóthar an Stáisiúin, Caisleán Nua Thiar, Co. Luimnigh.  Tá timpeall dhá chéad ‘s a caoga dalta sa scoil faoi láthair. Thosnaíomar  i 1985 le huimhreacha beaga agus d’fhásamar diaidh ar ndiaidh.  
Sular bhog an scoil chuig ár bhfoirgneamh nua álainn i 2006, bhíomar suite san ionad phobail i gCaisléan Nua Thiar le cuid de na ranganna i bhfoirgnimh réamhdhéanta.  
Tá sé mar aidhm ag an scoil maitheas i ngach páiste a chothú agus a thabhairt chun foirfeachta agus gach páiste a chur ar thóir na maitheasa sa saol atá thart air/uirthi. Déanann an scoil a dícheall prionsabail na Críostaíochta a chur chun chinn. Chomh maith leis sin, tá sé mar aidhm againn oideachas trí mheán na Gaeilge a thabhairt do gach páiste agus a chinntiú go mbaineann gach dalta taitneamh as an am a chaitheann siad i nGaelscoil Ó Doghair, go mbeidh cuimhní dearfacha acu ar a saol scoile.  Tuigimid an ról luachmhar a imríonn an teanga agus cultúr Gaelach i bhforbairt na bpáistí don todhchaí.
Is í an Ghaeilge an teanga teagaisc inár scoil agus an teanga chumarsáide idir na páistí, múinteoirí laistigh agus lasmuigh de na ranganna.
Is breá linn pobal uile na scoile; tuismitheoirí, sean-tuismitheoirí, aintiní, uncail agus cairde a chloisint ag labhairt na Gaeilge linn.

Gaelscoil Ó Doghair is an all-Irish, mixed primary school.  Today our principal is Caitlín Móinbhíol. 
​Gaelscoil Ó Doghair was founded in 1985.  We are located on Station Road, Newcastlewest, Co. Limerick.  There are currently approximately two hundred and fifty pupils in the school.  We started in 1985 with small numbers and grew bit by bit. Before we moved to our beautiful new building in 2006, we were situated in the Newcastlewest Community Centre where many classes were in prefabs. 
It is our aim to nurture and perfect the strengths in every child and to encourage our pupils to find the goodness in everyone around them.  We do our best to promote the principals of Christianity.  
In addition, it is our aim to provide an education through the medium of the Irish language for every pupil and to ensure that every child enjoys their time in our school.  We hope that our pupils will leave with many happy memories of their school lives.  We recognise the valuable role that language and Irish culture plays in the development of our pupils for the future.  
Irish is the teaching language in our school and the language of communication between children and teachers, inside and outside the classroom.  
We love to hear the whole school community, parents, grandparents, aunts, uncles and friends, speaking Irish to us.